TG4 Foghlaim

Acmhainn Nua Oideachais do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta

Buaiteoir an Séala Eorpach Teanga 2017

Tá TG4 i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh tar éis suíomh nua físe a chur ar fáil ar www.tg4.ie/ga/foghlaim/ do dhaltaí iar-bhunscoile atá ag ullmhú do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta.

Is acmhainn nua oideachais closamhairc TG4 Foghlaim, atá curtha in oiriúint do riachtanais dhaltaí na hArdteistiméireachta, ach is féidir le foghlaimeoirí ar leibhéal ar bith an t-ábhar seo a úsáid lena gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt. Tá an acmhainn seo ar fáil saor in aisce do dhaltaí agus d’fhoghlaimeoirí eile in Éirinn agus ar fud an domhain.

Is furasta an suíomh gréasáin nua seo a úsáid agus beidh ábhar nua á chur ar fáil ann go leanúnach; ag tús gach seachtaine i rith na scoilbhliana, cuirfear cleachtaí nua in airde ann atá bunaithe ar mhíreanna físe ó scoth na gclár ar TG4. Tá na ceachtanna féin bunaithe ar thopaicí an tSiollabais Ardteistiméireachta agus ar fáil saor in aisce.

Lena chois sin, beidh léiriú físe ar fáil ar TG4 Foghlaim ar bhrí liteartha agus ar bhrí mheafarach na ndánta atá ar an Siollabas, mar aon le próifíl iomlán ar na filí agus cur síos ar chúlra na ndánta. Is comhpháirtíocht idir TG4 agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an togra seo agus táthar ag súil go rachaidh sé chun tairbhe do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon.

Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, go bhfuil an togra seo curtha le chéile mar thoradh ar iarratais go leor atá déanta ag múinteoirí (agus a gcuid daltaí) ar an gcainéal le beagán blianta:

“Is cóir agus is deas linn togra oideachasúil mar seo a sheoladh mar chruthúnas breise ar an leas poiblí a dhéanann TG4 ag cur na Gaeilge chun cinn ar fud na cruinne.”


Leagann Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Dónall Ó Braonáin, béim ar thábhacht an togra:

“Is iontach go bhfuil taighde ceannródaíoch ar an sealbhú teanga á roinnt ar mhúinteoirí agus mic léinn ardteistiméireachta a bhuíochas d’acmhainní foghlama den chéad scoth.”


Tuilleadh
Eolais
T:  091-505050
R:  caroline.ni.dhubhchoin@tg4.ie

TG4 Foghlaim