Fáilte chuig an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais in Ollscoil na Gaillimhe  

Tá an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais ar fáil do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe a bhfuil tacaíochtaí nó socruithe réasúnta de dhíth orthu mar gheall ar mhíchumas, riocht sláinte leanúnach coirp nó meabhairshláinte, nó deacracht foghlama ar leith. 

Tá fáilte roimh mhic léinn na chéad bhliana agus mic léinn ó bhlianta ina dhiaidh sin atá ag leanúint lena gcuid staidéir agus nach bhfuil cláraithe cheana féin clárú le haghaidh tacaíocht mhíchumais. Molaimid duit é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir tar éis duit do chúrsa a thosú nó diagnóis a fháil.

Chun clárú le haghaidh tacaíochta míchumais, cliceáil ar an nasc “Cláraigh leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais” thíos.

 

Cén fáth a gclárófá le aghaidh tacaíocht mhíchumais?  

Cuirimid cleachtais chuimsitheacha chun cinn do phobal an champais ar fad agus táimid tiomanta do thimpeallacht chothrom foghlama a chur ar fáil a chuirfidh ar do chumas bheith i d’fhoghlaimeoir neamhspleách agus i do chéimí sároilte.

Tá mic léinn faoi mhíchumas i dteideal, faoin dlí, socruithe réasúnta a fháil le cur ar a gcumas a bheith rannpháirteach lena bpiaraí ar bhonn níos cothroime. Déanfar cinntí maidir le tacaíocht agus socruithe réasúnta i bhfianaise an méid a thagann chun solais sa mheasúnú riachtanas, nádúr agus tionchar an mhíchumais, fianaise maidir leis an míchumas, agus riachtanais an chúrsa.

Thíos tá liosta de na socruithe réasúnta is mó a mholtar. Ní liosta iomlán é seo, agus tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbeidh gach mac léinn incháilithe do gach socrú: 

  • Comhairle, Tacaíocht agus Abhcóideacht  
  • Socruithe Scrúdaithe
  • Socruithe sa rang
  • Tacaíocht Foghlama/Scileanna
  • Teicneolaíocht Chúnta
  • Tacaíocht Socrúcháin
  • Tacaíochtaí Speisialaithe Eile   

 

Government Logos