Micridhintiúir

Cad iad Micridhintiúir agus cén chaoi ar tháinig siad chun cinn?

Is mionchúrsaí creidiúnaithe iad na micridhintiúir a forbraíodh chun freastal ar riachtanais foghlaimeoirí, fiontar agus eagraíochtaí, a chruthaigh ollscoileanna comhpháirtíochta Chumann Ollscoileanna Éireann (IUA) i gcomhar le fiontair, faoin tionscadal MicroCreds. Cuireann cúrsaí micridhintiúr deiseanna foghlama ar fáil ar bhealach an-solúbtha, gearr agus inrochtana ar mhaithe le huasoiliúint agus athoiliúint.

Tá creidiúintí ag baint lenár gcúrsaí micridhintiúr, atá á dtreorú ag taighde agus atá dearbhaithe ó thaobh feabhais ag ollscoileanna ceannródaíocha na hÉireann. Féadfaidh foghlaimeoirí micridhintiúr aonair a dhéanamh nó leanúint ar aghaidh ag staidéar, ag cur lena gcuid scileanna agus eolais le himeacht ama. I gcás roinnt micridhintiúr, cuirtear conairí éagsúla ar fáil, a thugann deis d’fhoghlaimeoirí micridhintiúir a charnadh mar mhórchreidiúintí nó mar dhámhachtain ar leith.