Próiseas na Pleanála Teanga II
Duration
12 Seachtain
Next start date
Eanáir 2027
NFQ
Level 9
ECTS
5 Credits
Mode of Study
Blended Learning
Apply By
Dec 7, 2026, 5PM
Fee
€750
Overview
Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar chúrsaí pleanála teanga in Éirinn le fiche bliain anuas; is é sin ó bhí casadh na mílaoise ann. Agus obair an tseimeastair seo á cur i gcrích, beifear ag cur leis an gcúlra stairiúil agus teoirice a pléadh sa chéad seimeastar. Is iomaí cáipéis taighde agus beartais a foilsíodh le fiche bliain anuas: Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002); Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Sa mhodúl seo, breathnófar ar na tátail a baineadh as na cáipéisí taighde sin chomh maith leis an bhfreagra a thug an stát orthu sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus in Acht na Gaeltachta 2012 go háirithe.
Is in Acht na Gaeltachta 2012 a leagtar amach próiseas na pleanála teanga in Éirinn, bíodh sin sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta nó sna Líonraí Gaeilge. Caithfear solas ar bhuanna agus ar laincisí an chórais sin (Ó Giollagáin, 2014b; Ní Dhúda, 2017; Walsh, 2021; Ó Ceallaigh, 2021, 2022) agus déanfar measúnú ar dhornán pleananna teanga a d’eascair as. Mar chrann taca ag an bpróiseas pleanála teanga, breathnófar ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta (2017-2022) chomh maith leis an obair a dhéanann an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta i réimse an teaghlaigh.
Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.
Entry Requirements
- Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois.
- Bunchéim ag leibhéal 8
- Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.
What you will Learn
- An Beartas Teanga in Éirinn ón mbliain 2000 ar aghaidh
- Taighde ar an sealbhú teanga i measc óige na Gaeltachta
- Beartas Teanga an Teaghlaigh
- Réimse an Oideachais
- Athruithe móra polaitiúla, sóisialta agus geilleagracha an 21ú haois: Tionchar ar an bpleanáil teanga in Éirinn
Torthaí an Chúrsa
Nuair a bheidh an cúrsa micridhintiúr seo déanta agat, gheobhaidh tú creidiúintí de réir an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna. Tugann an institiúid bhronnta aitheantas do na creidiúintí seo mar chreidiúintí atá ag teacht le cúrsaí foghlama a chuirtear i gcrích ag leibhéal iarchéime 9.
Measúnuithe
- Department-based Assessment (100%)
Contact
If you have any questions about this course, please contact:
Hugh Rowland
Léachtóir,
Áras na Gaeilge, Gaillimh
Díreach: 091 493369Email: Hugh Rowland
How to Apply
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne.
Learn more about our application process.
Apply here: Online Application Portal
Nuair a bheidh tú ag déanamh d’iarratais, cinntigh go roghnaíonn tú na catagóirí seo a leanas:
Coláiste / Ábhar Spéise: Na Daonnachtaí & Teangacha
Clár Acadúil: Roghnaigh do chúrsa micridhintiúr ón liosta anuas
Téarma Acadúil: Roghnaigh an téarma acadúil Fómhar 2026 (Seimeastair 1) nó Earrach 2027 (Seimeastair 2)
Peadar Mac Donncha | Oifigeach Pleanála Teanga
Thug mé faoin micridhintiúr Próiseas na Pleanála Teanga I agus II mar gheall ar mo chuid oibre mar Oifigeach Pleanála Teanga. Cheap mé go mbainfinn tairbhe as na modúil seo, mar go gcabhróidís liom tuiscint níos doimhne a fháil ar an earnáil ina bhfuilim ag obair. Bhí formhór na ranganna ar líne, rud a chabhraigh liom agus mé ag obair go lánaimseartha. D’fhoghlaim mé go leor faoin bpleanáil teanga ar an macraileibhéal agus ar an micrileibhéal. Chonaic mé tionchar na gcinntí rialtais agus na mbeartas poiblí ar stádas agus ar staid na Gaeilge, agus d’fhoghlaim mé faoi achtanna éagsúla a d’fhág a lorg ar an teanga. Bhí na léachtaí ar stair na pleanála teanga, ar shealbhú teanga, agus ar réimsí an teaghlaigh agus an oideachais suimiúil agus úsáideach. Mholfainn an micridhintiúr seo go mór d’aon duine atá ag obair in earnáil na Gaeilge, go háirithe i bpleanáil teanga nó i bhforbairt pobail.