Fáilte chuig Láithreán gréasáin Inbhuanaitheachta Ollscoil na Gaillimhe

Tá borradh tagtha faoin inbhuanaitheacht mar chroíluach san ollscoil le roinnt blianta anuas. Is léir ár dtiomantas don inbhuanaitheacht ón stádas mar Churadh 2023/24 a bronnadh orainn le gairid. Cuimsíodh an inbhuanaitheacht i bPlean Straitéiseach 2020 - 2025 mar cheann de cheithre phríomhluach. Tá an inbhuanaitheacht anois i lár báire gach a ndéanaimid, mar aon le – meas, oscailteacht agus barr feabhais.

Is ónár mic léinn is mó a thagann an luach atá againn ar inbhuanaitheacht. Tá athrú aeráide ag tabhairt dhúshlán na glúine seo níos mó ná cheana riamh. Éilíonn ár gcuid mac léinn go bhfágfaimid an domhan in áit níos fearr ná mar a fuaireamar é. Inár gcuid taighde, teagaisc agus rannpháirtíochta, agus inár ngníomhartha, táimid tiomanta do bheith inár n-eiseamláir ar ghníomhaíocht aeráide.

Is freagracht orainn go léir é seo agus mar sin oibrímid lenár bpobail agus lenár gcomhpháirtithe chun é seo a bhaint amach.

 

Instagram @uniofgalwaysustainability