Aistriúchán Téacsanna 1
Duration
12 Seachtain
Next start date
Meán Fómhair 2026
NFQ
Level 9
ECTS
5 Credits
Mode of Study
Blended Learning
Apply By
Aug 28, 2026, 5PM
Fee
€750
Overview
Is é Aidhm an mhodúil seo mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Bhéarla go Gaeilge, mar aon le léargas ginearálta a thabhairt dóibh ar ghnéithe de ghramadach agus de chomhréir na Gaeilge. Díreofar ar chineálacha faoi leith téacsanna (seachas téacsanna liteartha) a bhíonn á n-aistriú ag Aistritheoirí gairmiúla agus cíorfar na háiseanna atá ar fáil d’aistritheoirí le cabhrú leo agus iad i mbun oibre. Déanfar anailís ar straitéisí an Aistriúcháin agus ar na bealaí chun déileáil le dúshláin ar leith a thagann chun cinn. Ar na téamaí is mó a phléifear sa mhodúl seo, tá na dúshláin a bhaineann le buntéacsanna ó thaobh brí agus céille de, coibhéis shásúil sa spriocthéacs, agus na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar prioctheanga aistriúcháin.
Torthaí Foghlama
- Buntéacsanna Béarla a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán cuí iarchéime le cúnamh na teicneolaíochta cuí;
- Cuir chuige éagsúla a chur i bhfeidhm agus téacsanna faoi leith á n-aistriú;
- Anailís a dhéanamh ar na cuir chuige dhifriúla a bhaineann le téacs a aistriú;
- Na dúshláin a bhaineann le téacs a aithint, a phlé agus a shárú;
- Gnéithe suntasacha de chomhréir na Gaeilge a aithint, a phlé agus a cheartúsáid;
- Úsáid éifeachtach a bhaint as na huirlisí agus na foinsí a bhíonn aistritheoirí gairmiúla a úsáid;
- Uirlis aistriúcháin ríomhchuidithe a úsáid chun cáipéisí a aistriú.
Entry Requirements
Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. Bunchéim ag leibhéal 8
What you will Learn
- Cur chuige Aistriúcháin: Cineálacha difriúla téacsanna a bhíonn le haistriú go Gaeilge go coitianta a scagadh agus an cur chuige is fearr a roghnú chun a n-Aistrithe.
- Foinsí foclóra / téarmaíochta: Na foinsí foclóra agus téarmaíochta a úsáid agus a phlé agus a roghnú go stuama i bhfianaise chineál an téacs agus chuspóir an Aistriúcháin.
- Aistriú Ríomhchuidithe: Uirlisí an Aistriúcháin ríomhchuidithe a phlé, eolas a chur orthu agus leas a bhAint as ceann amháin díobh, Trados, chun téacsanna a Aistriú.
Torthaí an Chúrsa
Nuair a bheidh an cúrsa micridhintiúr seo déanta agat, gheobhaidh tú creidiúintí de réir an Chórais Eorpaigh Aistrithe Creidiúna. Tugann an institiúid bhronnta aitheantas do na creidiúintí seo mar chreidiúintí atá ag teacht le cúrsaí foghlama a chuirtear i gcrích ag leibhéal iarchéime 9.
Contact
If you have any questions about this course, please contact:
Tomás Ó Maolalaidh
Áras na Gaeilge, Gaillimh
Comhordaitheoir Chúrsaí Iarchéime Aistriúcháin an Acadaimh
Díreach: 091 492734Email: Tomás Ó Maolalaidh
How to Apply
Ón 4 Bealtaine 2026, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne.
Learn more about our application process.
Apply here: Online Application Portal
Nuair a bheidh tú ag déanamh d’iarratais, cinntigh go roghnaíonn tú na catagóirí seo a leanas:
Coláiste / Ábhar Spéise: Na Daonnachtaí & Teangacha
Clár Acadúil: Roghnaigh do chúrsa micridhintiúr ón liosta anuas
Téarma Acadúil: Roghnaigh an téarma acadúil Fómhar 2026 (Seimeastair 1) nó Earrach 2027 (Seimeastair 2)