Aistriúchán Téacsanna 2 (Béarla-Gaeilge)
Duration
12 Seachtain
Next start date
Eanáir 2027
NFQ
Level 9
ECTS
5 Credits
Mode of Study
Online
Apply By
Dec 7, 2026, 5PM
Fee
€750
Overview
Is é aidhm an mhodúil seo barr feabhais a bheith bainte amach ag na mic léinn san aistriúchán ginearálta agus teicniúil go Gaeilge. Sa mhodúl seo díreofar ar chineálacha téacsanna níos teicniúla ná mar a pléadh sa mhodúl Aistriúchán Téacsanna 1. Tabharfar eolas do na mic léinn ar ghairm agus ar ghnó an aistritheora ghairmiúil agus tabharfar spléachadh ar ghnéithe de theoiric an aistriúcháin. Tabharfar na scileanna sin a shealbhaigh na mic léinn in Aistriúchán Téacsanna I chun barr feabhais le cleachtaí ranga ionas go bhfaighidh na mic léinn taithí chuimsitheach agus máistreacht ar an bpróiseasaistriúcháin atá i gceist.
Entry Requirements
Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois.
Aistriúchán Téacsanna 1 (Béarla-Gaeilge)
What you will Learn
Cineálacha éagsúla buntéacsanna ginearálta - Na tréithe a bhaineann le buntéacsanna ginearálta is minice a bhíonn idir lámha ag aistritheoirí na Gaeilge.
Cineálacha éagsúla buntéacsanna teicniúla - Na tréithe a bhaineann le buntéacsanna teicniúla i gcomparáid le buntéacsanna ginearálta; téarmaíocht theicniúil: foinsí agus cur i bhfeidhm.
Cruinneas sa spriocthéacs - Brí an bhuntéacs a chur in iúl ar shlí chomh beacht agus is féidir sa spriocthéacs.
Teoiric an aistriúcháin - Gnéithe de theoiric an aistriúcháin agus straitéisí atá bunaithe ar an teoiric sin don obair fheidhmeach.
Próiseas an aistriúcháin -Uirlisí teicniúla, déileáil le cliaint, bainistiú tionscadail.
Contact
If you have any questions about this course, please contact:
Tomás Ó Maolalaidh
Email: Tomás Ó Maolalaidh
How to Apply
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne.
Learn more about our application process.
Apply here: Online Application Portal